Do Thacaíocht
Tá Coiste Chuimheachán an Chogaidh Mhóir i nGaillimh ag lorg tacaíochta agus maoiniú don tionscadal fiúntach seo.
Cuirimid fáilte roimh mhaoiniú i bhfoirm cúnamh deontais agus cabhair theicniúil ó údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí stáit.
Tá tacaíocht ag teastáil uainn sna réimsí maoiniú, grianghraif ó ghaolta, scéalta agus margaíocht. Is tionscadal an-fhiúntach é, agus táimid beagnach ann.
Ba bhreá linn cloisteáil uait!
Memorial Committee
Déan teagmháil linn
Déan teagmháil linn le do thoil le grianghraif nó eolas ar bith atá agat maidir le saighdiúr ó Ghaillimh a maraíodh sa Chogadh Mór.
Ba bhreá linn cloisteáil uait.
Sonraí cuideachta: Cuideachta
Chuimhneachán an Chogaidh Mhóir i
nGaillimh Teoranta
Uimhir chláraithe chuideachta: 676169
Oifig chláraithe: Eastát Pháirc na
Maighne, Mainistir Chnoc Muaidhe, Tuaim,
Co. na Gaillimhe
Uachtarán: James Larkin
Fón: 085 144 7762
ríomhphost: jim059@hotmail.com
Rúnaí na cuideachta: Dolores Brogan-Curran
ríomhphost: galwaygreatwar1memorial@gmail.com
Uimhir Oifige: 085 768 4123
Lean sinn ar Facebook: https://www.facebook.com/GalwayMemorial
Ár n-aidhm
Is é aidhm Choiste Chuimhneachán an Chogaidh Mhóir i nGaillimh cuimhneachán a thógáil i nGaillimh, ar a mbeidh liosta d’ainm gach fir agus mná ó Ghaillimh a fuair bás sa Chogadh Mór, 1914-1918.
Tá rún againn sampla bailte eile in Éirinn a leanúint, leithéid Chathair Chill Chainnigh, Chaisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh
Eo agus Leithghlinn an Droichid, Co. Cheatharlach, Inis i gCo. an Chláir, Luimneach, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árainn.
Thóg sé corradh is ceithre bliana taighde a dhéanamh agus ainmneacha na marbh a
thiomsú. Tá timpeall 100 ainm a bhfuil deacracht againn iad a aimsiú.
Tá sé tuillte acu go gcoinneofar cuimhne orthu
Ar an haon déag a chlog, ar an aonú lá dhéag den aonú mí dhéag in 1918, tháinig deireadh faoi dheireadh leis an gCogadh Mór. Bhí sé ar na coimhlintí ab fhuiltí i stair an duine.
Tá fir ó Ghaillimh curtha i reiligí sa Fhrainc, sa Bheilg, san Éigipt, in Iosrael,
san Iaráic, sa Tuirc agus ar muir. Tá a n-ainmneacha i liostaí ar chuimhneacháin i dtíortha amhail an Astráil, Ceanada, an Nua-Shéalainn, an Fhrainc, an Bheilg, Iosrael, an Iaráic, an Iaráin, an Tuirc, na Stáit Aontaithe … ach ní ina dtír dhúchais.
Beag beann ar a gcúiseanna liostáil, throid agus bhásaigh na fir seo ar son cúise a chreid siad féin a bheith fiúntach.
Tá sé tuillte acu go gcoinneofar cuimhne orthu sa chontae inar rugadh iad.
Go raibh maith agat smaoineamh ar shíntiús.
Idir 1914 agus 1918, meastar go bhfuair 1,204 fhear agus bhean ó Ghaillimh bás agus iad ag troid sa Chogadh Mór.
Thapaíomar an deis a chinntiú nach ndéanfar dearmad ar a n-ainmneacha. Ó shin, ag úsáid ár gcistí féin agus cistí a bhronn daoine flaithiúla, d’éirigh linn bonneachar sonraí a chruthú le hainmneacha shaighdiúirí na Gaillimhe a fuair bás.
Táimid i gcónaí ag déanamh ár ndíchill ár gcúis a leathnú, taighde a dhéanamh ar scéalta na bhfear seo, agus an stair a thochailt. Stair na hÉireann, stair fhir na Gaillimhe.
Tá daoine cosúil leatsa ag teastáil uainn chun tacú linn. Cabhraigh linn trí shíntiús a thabhairt dár gcúis. Beidh fáilte roimh gach síntiús, beag agus mór.
Cuideachta an Chogaidh Mhóir i nGaillimh, SÉANADH.
SÉANADH
Tá an t-eolas a chuireann baill shuíomh Chuimhneachán an Chogaidh Mhóir i nGaillimh dar teideal galwaygreatwarmemorial.com le haghaidh críocha ginearálta amháin.
Cuirtear gach eolas ar an suíomh ar fáil le dea-intinn, ach ní dhéanaimid uiríoll ná barántas de chineál ar bith, arna chur in iúl go soiléir nó le tuiscint, maidir le cruinneas, leorgacht, bailíocht, iontaofacht, infhaighteacht, nó iomláine aon eolais ar an suíomh. San iarracht an cruinneas is beaichte a bheith againn ba mhór againn dá gcuirfí aon earráid neamhbheartaithe ar an suíomh in iúl.
NÍ BHEIDH AON DLITEANAS AGAINN, I GCÚINSE AR BITH, DUIT
MAR GHEALL AR AON CHAILLTEANAS NÁ DOCHAR DE CHINEÁL AR BITH A THÁBHÓFAR DE THORADH AR AN SUÍOMH A ÚSÁID NÓ BHEITH AG BRATH AR AON EOLAS A CHUIRTEAR AR FÁIL AR AN SUÍOMH. ÚSÁIDEANN TÚ AN SUÍOMH AGUS BRAITHEANN TÚ AR AON EOLAS AR AN SUÍOMH AR PHRIACAL FÉIN AMHÁIN.