Tá lúcháir ar bhunaitheoirí agus stiúrthóirí Chuideachta Chuimhneachán an Chéad Chogaidh Dhomhanda i nGaillimh Teo, James Larkin agus Dolores Brogan-Curran B.A.M.A., a fhógairt go bhfuil síneadh nua ar ár mBunachar Sonraí maidir leis an gCéad Chogadh Domhanda agus Gaillimh á lainseáil, a bhuí leis an taighde iontach a bhronn Eoin O’Neill orainn, mac léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tá sé anois ag obair i Músaem Cathrach na Gaillimhe. Is é a bhí i gceist le taighde Eoin liosta de na daoine a maraíodh a rinne seirbhís sna Connaught Rangers ar fud na hÉireann. 2,111 fear ar fad a bhí ann, agus b’as Gaillimh cúig chéad de na mairbh.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hEoin O’Neill, William Henry, Jacqueline O’Brien, Dennis Burke agus na taighdeoirí go léir a bhronn torthaí a dtaighde orainn. Gan iad ní bheadh an tionscadal seo indéanta.
By Dormskirk – Own work, CC BY-SA 3.0, Link
Gaelic:
Cúlra
Ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda (1914-1918), chuaigh na mílte fear chun bheith ag troid. Gealladh gur cogadh a bhí ann a chuirfeadh deireadh le gach cogadh. Rinne mórán de na fir seo seirbhís in arm na Breataine. Meastar go ndearna timpeall 200,000 saighdiúir ó Éirinn seirbhís le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, agus b’as Cathair agus Contae na Gaillimhe a lán acu. Faoi dheireadh an chogaidh, bhí 1,200 fear de chuid na Gaillimhe tar éis bháis. Is féidir ainmneacha na marbh a fheiceáil ar leachta cuimhneacháin in áiteanna mar an Afraic, Meiriceá, an Bheilg, Ceanada, Málta, agus an Iaráic. Ach, ar a bhfód dúchais, Gaillimh, níl aon aitheantas ná leacht chuimhneacháin ann dá gcrógacht ná a n-íobairt. Bunaíodh Cuideachta Chuimhneachán an Chéad Chogaidh Dhomhanda i nGaillimh chun an dearmad seo a chur ina cheart agus leacht chuimhneacháin a chruthú dár gcomhthírigh a thit, idir fhir agus mhná, chun urraim a thabhairt dá saol agus dá mbás. Chun cuimhneamh orthu ionas nach bhfaighidh siad dhara bás an dearmaid. “Is ionann a bheith dearmadta agus bás a fháil an dara huair” (Paul Ricoeur).
Réasúnaíocht Fear agus Ban Éireannach Páirt a Ghlacadh sa Chéad Chogadh Domhanda.
Níor ghníomh é riamh a raibh gean air Éireannach seirbhís a dhéanamh in arm na Breataine. Mheas bunús na ndaoine poblachtacha in Éireann riamh seirbhís in arm na Breataine a bheith fealltach, agus ba mhinic cúl droma tugtha do na hÉireannaigh sin a rinne seirbhís tar éis dóibh filleadh ar Éirinn. I measc na gcúiseanna a ndeachaigh Éireannaigh ó Ghaillimh isteach in arm na Breataine bhí cúiseanna eacnamaíocha agus polaitiúla.
Bhí daoine i nGaillimh i mbochtaineacht agus i gcruatan géar ina saol laethúil sna blianta díreach roimh an gCéad Chogadh
Domhanda. Bhí tithe na mbocht ag cur thar maoil, bhí an ráta imirce géar agus bhí mórán acu siúd a d’fhan gafa i streachtailt bhuan chun teacht slán. Chuaigh mórán fear isteach in arm na Breataine mar post a bhí ann a chuir pá ar fáil chun cabhrú a muintir sa bhaile a chothú. Chuaigh fir eile isteach mar chreid siad gealltanas na Sasanach go ndeonódh siad rialtas dúchais d’Éirinn tar éis an chogaidh in éiric a dtacaíochta sa chogadh (tag: Seán Réamann in óráid ar an 20 Meán Fómhair, 1914). Tá a seirbhís agus íobairt dearmadta den chuid is mó mar gheall ar sheiftiúlacht pholaitiúil. Táimid ag iarraidh an tseirbhís agus íobairt sin a aithint.
Pleananna Chuideachta Chuimhneachán an Chogaidh Mhóir i nGaillimh
Tá Cuideachta Chuimhneachán an Chogaidh Mhóir i nGaillimh ag iarraidh urraim a thabhairt d’íobairt gach fir agus mná ó Ghaillimh a rinne seirbhís sa Chéad Chogadh Domhanda a aithint trí leacht chuimhneacháin a thógáil ar a mbeidh liosta d’ainm gach fir agus mná ó Chathair agus Contae na Gaillimhe a fuair bás sa Chogadh Mór, 1914-1918.
Tá bunachar sonraí inchuardaithe forbartha againn ina bhfuil ainmneacha mórán fear agus ban ó Ghaillimh a fuair bás i seirbhís mhíleata sa Chéad Chogadh Domhanda. San áireamh san fhaisnéis tá ainmneacha na ndaoine a rinne seirbhís, a n-áit dúchais, an t-aonad míleata ina ndearna siad seirbhís, an áit ina ndearna siad seirbhís, an áit ina bhfuair siad bás, a n-aois ag am a mbáis agus, más féidir, an áit a bhfuil siad curtha. De réir mar a bhíonn faisnéis agus grianghraif ar fáil, is féidir linn iad a chur ar an suíomh gréasáin. Ach is streachailt leanúnach é an tionscadal a choinneáil ag dul nó tá acmhainní teoranta againn. Síleann mórán daoine go gcaithfidh go bhfuil eagraíocht ar ár gcúl de bhrí go bhfuilimid cláraithe mar chuideachta. Mar sin féin, níl ionainn ach beirt ag déanamh iarrachta aitheantas a fháil dóibh siúd a rinne gach uile rud a íobairt. Ní féidir linn na coirp a thabhairt abhaile, ach ní stadfaimid go dtí go dtabharfaimid a n ainmneacha go léir abhaile. Go dtí seo, tá corradh is 3,000 san iomlán againn sna bunachair sonraí mheasctha. Agus tá an cuardach ar siúl fós go dtí go mbeidh gach duine sa bhaile. Le linn dhianghlasáil phaindéim COVID smaoinigh mé ar an gcoincheap leacht chuimhneacháin fhíorúil. In éineacht leis an bhforbróir bogearraí Konrad Olszewski thosaíomar ag obair ar an dearadh don leacht chuimhneacháin fhíorúil. Bhí mé ag iarraidh balla fíorúil i stíl phirimide a bheith ann agus é a rothlú. Táimid buíoch gur úsáid Konrad a shaineolas chun an chéad leacht chuimhneacháin dá cineál a chruthú. Le linn an ama seo bhí James (Larkin) ag obair ar ghné eile den tionscadal a raibh sé i gceist leis liosta a chur le chéile de na longa go léir a úsáideadh sa Chéad Chogadh Domhanda, ag taispeáint go beacht cén áit ar cuireadh iad agus cén áit ar cailleadh iad i measc íospartaigh an chogaidh. Is féidir an fhaisnéis seo a rochtain freisin ar ár suíomh gréasáin. Agus ansin tá pleananna ann an coincheap seo a fhorbairt a thuilleadh má bhíonn maoiniú ar fáil. Go dtí seo tháinig maoiniú i ndeontais ó Chumann Oidhreachta na Gaillimhe agus ó Fhoras na Gaeilge nuair a shocraíomar cuid dár suíomh gréasáin a bheith i nGaeilge.
Má tá duine ar bith ag iarraidh an tionscadal a mhaoiniú, is féidir síntiúis a chur chuig: Bainc-Aontas Éireann, Caisleán an Linsigh, Gaillimh.
Iban: lE 58 A.I.B. K93 709659561017
Bic: A.I.B.Kie2D
Cód Sórtála: 93 70 96.
Cuideachta: Cuideachta Chuimhneachán an Chogaidh Mhóir i nGaillimh Teo.
Uimhir chláraithe chuideachta: 676169
Sonraí teagmhála: galwaygreatwar1memorial@gmail.com
Fón: 085 768 4123 / 085 144 7762
Lean sinn ar Facebook: https://www.facebook.com/GalwayMemorial
Cliceáil chun Liosta Taismí Connaught Rangers a oscailt sa Chéad Chogadh Domhanda
Aitheantas
Ba mhaith le Cuideachta Chuimhneachán an Chogaidh Mhóir i nGaillimh Teo buíochas a ghabháil le hÁine Ní Ifearnáin agus le foireann Fhoras na Gaeilge as a gcabhair maidir le cuid dár suíomh gréasáin a aistriú go Gaeilge. Is é Foras na Gaeilge an comhlacht atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán uile na hÉireann, agus bunaíodh é ar an dara lá de mhí na Nollag 1999.
English:
The Connaught Rangers (“The Devil’s Own”) was an Irish line infantry regiment of the British Army formed by the amalgamation of the 88th Regiment of Foot (Connaught Rangers) (which formed the 1st Battalion) and the 94th Regiment of Foot (which formed the 2nd Battalion) in July 1881. Between the time of its formation and Irish independence, it was one of eight Irish regiments raised largely in Ireland. Its home depot was in Galway. It was disbanded following the establishment of the independent Irish Free State in 1922, along with the other five regiments that had their traditional recruiting grounds in the counties of the new state.
(From Wikipedia)
Galway Great War Memorial are proud to present the below data detailing fallen soldiers of the Connaught Rangers regiment who tragically lost their lives in the first world war. Please click the below link to open the spreadsheet.
Background:
Many men from rural Galway enlisted to fight and subsequently died in World War I for the British Empire while life went on as normal back home. These men’s enlistment and their deaths often had an acute impact on their families and rural communities back home. Following the events of the 1916 Rising, Ireland was a radically different place socially, economically and politically. Many of those who returned were injured or shell-shocked and could not work and provide for their families. They often faced discrimination after their return home when trying to find work and were often abused by a public that had become more radicalised to republicanism after the executions of the leaders of The Rising and the rise of Sinn Féin to government.
The period of revolutionary change and the gaining of independence from Britain ultimately changed how these men who fought and often died for the ‘old enemy’ were remembered.
The time is now right to reflect on the sacrifice of life, that many of these men gave to fight a brutal war for a myriad of complex reasons. The version of history which was created by a series of nationalist governments in Ireland throughout the years confined these men to the shadows of history. However with the passing of time and with the Irish public now having more balanced and unbiased reflection of the war, it is now time to bring their lives back into the light.